Tuesday 27 May 2014

Labhair muid leis an mbean atá taobh thiar den fhéíle Traidphicnic...

An t-seachtain seo labhair WestExpo le Bridge Barker ó Traidphicnic an Spidéil faoin obair atá idir lámh aici chun an Fhéile iontach nua seo a chur ar an bhfód!


Céard a chuireann ag éirí ar maidin thú?
An cloigín alairm atá ar mo ghuthán... tá fuaim coilligh leis agus é ag glaoch chomh h-ard is a féidir!

Cén fealsúnacht gnó atá agat?
Bhuel, nílim ag seasamh do ghnó anseo ach mar oibrigh deonach le Traidphicnic, mar sin déarfainn: bain an chuid is mó as a bhfuil agus ná cáill do mhisneach!

Céard iad na dúshláin is mó atá romhat faoi láthair?
D'Fhéile atá nua, ach a bhfuil ag éírí leis go maith go dtí seo, tá maoiniú stáit anois diúltaithe orainn (mar gheall ar na cúiseanna atá luaite sílim).  Is é an dúshlán atá romhainn anois ná an sprioc (uaillmhianach) maoinithe a bhaint amach, urraíocht chorpráideach a fháil, guí do dheontais rialtais a theacht isteach, agus margaíocht a dhéanamh ar bheagán airgid d'Fhéile bheag a shíleann muid a d'fhéadfadh a bheith ar cheann de na cuid is fearr ar an gCósta Thiar.

Céard atá speisialta faoi Traidphicnic?
Nuair a chuir muid tús le Traidphicnic theastaigh uainn féile cheoil traidisiúnta dátheangach a chruthú a bheadh oiriúnach do chlainnte.  Féile a bheadh cáirdiúíl, a d'iarradh ar chuairteoirí pé deontais gur féidir leo a thabhairt, agus a bheadh oiriúnach don phobal agus do chuairteoirí.

Cén chaoi a ligean tú do scíth?
Nuair a airím go bhfuil an saol ag brú an iomarca orm sílim nach bhfuil aon áit níos deise ná a bheith cois farraige.  Géillim freisin go dtaitníonn gloine deas fíona liom agus is breá liom an fhidil a chasadh ag seisiúin ceoil.

Céard atá chomh maith sin faoi Iarthar na hÉireann?
Níl mo dhóthain spáis anseo agam!  Sílim gur seod ceart í Gaillimh. Tá Conamara féin lán d'áiteanna áille le h-aimsiú.  Is breá liom nuair a thagann mo chairde ar chuairt ón mBreatain mar go n-airím iad ag scaoileadh le h-anáil mhóra tar éis an dara lá.  Tá tú in ann snámh, rothaíocht, nó siúl a dhéanamh agus fiú rud ar a dtugann siad 'coasteering' - rud atá thar a bheith suimiúíl, go h-áírithe nuair a thagann tú trasna ar rón tar éis a bheith i ngleic leis an 'washing machine'.

Céard iad na h-áiteanna is fearr leat san Iarthar (seachas d'áit cónaithe!)?
Trá Roisín na Maineach i gCarna!  Tá cuimhní cinn álainne agam ansin... ag campáil, eachtraí amach go hOileán Fínis, beithigh ag snámh, loinnir ghorm na farraige, capaillíní Chonamara, asail, picnicí agus neart eile!

Dá mbeifeá in ann a thuilleadh infheistíocht a fháil don Iarthar, céard dó a gheobhfá é?
Chas mé le gairid le daoine ón mBreatain Bheag le Tithe Mótair a bhí ar saoire go Gaillimh, ach cuireadh cosc orthu a dTeach Mótair a pháirceáil aon áit thart ar an gCathair ná cois trá - ní raibh de rogha acu ach bogadh leo.  Dá mbeadh córas againn ar nós AIRES: www.aires.com sílim go mbeadh seo go maith.

An bhfuil tú dóchasach don Iarthar?
Ar ndóigh tá - cén mhaith a bheith ag casaoid, caithfidh muid a bheith dearfach!

Dá mbeifeá in ann an saol a chuir ar an eolas faoi trí gnó eile ón Iarthar, céard iad?
Sílim gur chóir an grúpa nua, Walking West/Siúl Siar, a luaigh - tá an-táirge eachtriúíl acu siúd.
Breizon Teo i Ros a Mhíl.
Agus Ionad Ceardaíochta an Spidéal - tá an t-Ionad 30 bliain ar an bhfód agus tá an oiread sin istigh ann... maraon leis an gcaifé, Buillín Blasta - ceann de na seoid ar Bhealach Fhiáin an Atlantaigh!


No comments:

Post a Comment